Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Iasgairí na nDúnadhTráthnóna breagh Bealtaine amháin tá céan bliadhan ó shoin chuaidh baicle iasgaire as na Dúnaí amach ah iasgaireacht. Nuair a shroich siad leabaidh na h-iasgaireachta scaoil siad amach a gcuid líon agus shuidh siad síos annsin go mbéadh [gal]? de’n phíopa acú. Bhí sé ciúin go leór nuair a d’fhág siad an tír ach ní i bhfad gur éirigh an spéir dorcha agus go dtáinic stoirm iongantach gharbh agus go mb’ éigin do na h-iasgairí a gcuid líon a scaoileadh ar shiubhal agus aghaidh a thabhairt ar an bhaile. Bhí eagla ar an chuid ba mhó acú nach mbéadh siad ábalta an mhór-thír a bhaint amach ach tharraing sean duine amháin sgian as a phóca, d’fhoscail sé í agus chaith sé isteach ins an fhairrge í agus ar an bhomaice táinic an ciúineas.
Nuair a bhain na h-iasgairí an cladach ann bhí fear stráinséarach n-a sheasamh annsin rompa agus d’fhiafruigh sé dióbhtha an raibh siad amuigh ag iasgaireacht. Dubhairt siad go rabh ach go rabh an stoirm comh olc sin go rabh ortha a gcuid líon a fhágáil in a ndiaidh. Dubhairt an fear go raibh sé fhéin amuigh fósta agus go raibh air an rud chéadna a dhéanamh. “Ach” ar seisean “tá an stoirm thart anus agus tá mé ag dul amach ag cuartughadh no chuid líon.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Eiteagáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Glenree, Co. Dhún na nGall