Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
- XML Leathanach 245
- XML “Scéal - An Bhean agus an Pota”
- XML “Scéal - Liam an tSoip”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ann a deireas "Is mairg an té a labhairas ró-thapaidh.
Proinnsias Mac Giolla Bhrighde,
Na Bothain,
Rosapeanna. - Bhí fear ann fad o shoin agus bhí dróch air. Bhí ceardcha aige ag cionn an toighe acht ma bhí féín ní rabh sé ag deanamh morán oibre ann. Lá amhain thainíg sé isteach leis an dinneur a dheanamh réidh agus thainic fear isteach agus d'iarr sé rud beag cuididh air. Líon Liam an mála lán préutaí dó agus bhí sé ag gabhail a chur an mhála suas ar a dhrúim. Acht d'iarr an fear bocht air fanacht tamall beag go rabh cupla focal aige le rádh leis. Dubhairt sé go dtabhairfeadh sé trí neithe ar bith dó Liam ar són cómh maith agus a bhí sé agus an croidhe maith a bhí aige. "Maith go leór" adeir Liam, Is maith liom iad a fhaghail agus d'iarr sé an chéad cheann.Dubhairt Liam go rabh sparán aige agus go rabh sé i gcomhnuidhe go fosgladh agus gur chaill sé moran airgid amach a's agus gur mhaith leis nuair a dhruidfeadh seisean é gan é fhosgladh acht go bhfosglochadh sé féín é. "Maith go leór" arsa'n fear bocht, gheobhaidh tú sin. Caide an dara ceann. "Tá cathaoir agam agus tá gach duine ag suidhe inntí agus tá sí ag tuitim a's a cheile" arsa Liam agus ba mhaith liom duine ar bith as shuidhfeadh inntí gan é a bhéíth abalta éirghe go dtabhairfinn fhéín céad dó." "Maith go leór" arsa an fear bocht, "Gheobhaidh tú sin." Caidé an treas nidh atá tú a iarraidh." "Tá" arsa Liam, Fuair mé ord mór úr agus bíonn gach duine a thíg isteach ag faghail gréím air agus ag obair leis agus tá eagla orm go mbrisfidh siad é agus bá mhaith liom an duine a gheobhadh gréim(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheal Mac Giolla Cheara
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dumhaigh, Co. Dhún na nGall