Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I
Tóg suas do chroidhe cráidhte, Éire a stóir,
Triomuigh do shúile, Éire, a stóir,
Bás fhágháil ní baoghal do do theangaidh, a ghrádh,
Teanga bhinn uasal na hÉireann go bráth,
Béarla gan binneas 'seadh Béarla na nGall,
Cosg ar a ghlór garbh agus bás ar a sál,
Splannc le do shála, a oileáin na naomh,
Oileáin na gceoltaí agus oileáin na gcraobh,
Teanga na h-Éireann ní chaillfear go deo,
Teanga na h-Éireann chomh sean leis an cheo,
Binn cheol ár sinnsear is béal-rádh an ríogh,
Sláinte go deo dí, a chuisle mo chroidhe.
II
Tóg suas do chroidhe tá na mílte sa ród,
Ag foghluim na Gaedhilge le h-aoibhneas is bród,
Coinnigh do theanga is coinnigh do cheol,
Béidh siad faoi mheas in a n-uaisle go fóill,
Tóg suas do shúile agus amharc ar do chloinn,
Amharc thart indiu orainn cruinnighthe go teann,
Feasta nár mbéidhmid n-ár gcladhairí mar bhí,
Cúram ár dteanga agus cúram ár gcroidhe.- Bailitheoir
- M. Ní Gallchobhair
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Craoibhigh, Co. Dhún na nGall