Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)
- Suíomh:
- Ros Goill, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: T. Mc Ginley
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Corr Chainte.1. Tugadh gloinne uisge beatha an duine daobhtha.
2. Níl lá dachair do an t-uisge sin a ól.
3. Bá bhuidhe bocht do balgam a faghail le h-ól.
4. Ní chuirfeadh sé lá ceartuighthe air duine a mharbadh.
5. Niór thug mé lá Geilsceain do.
6. Níl lá loicht agam air.
7. Ní rabh lá deifre air ag dul un aonaigh.
8. Ní deanfaidh sé lá difireachta damh do mbeadh sé agam féin.
9. Bhí an cruach coirce beó beidhtheach le lucoghai.
10. D’imthigh sé leis i mbéil a chinn.
11. Bhí an t-adh amach ‘s amach air.
12. Bhí sé ag baint an baile amach
13. Amach leis, agus d’amharc thart uadh.
14. Chuaidh an capall sa loch ar Shéan
15. Siubhal sé ar briscead as Baile na Galloglach
16. Tiocfaidh Seán ‘na bhaile amach annseo. (indiaidh tamail)
17. Niór chuir sé suas le sin, ní cuirfhinn sin síos leis.
18. Bhí na bradain san bhád agus léim fear acu amach
19. Bhí geacha [Fandna]? sa pháirc agus anois agus arist thogfadh fear acu a cheann
20. Tóg ort as mó amharc
21. Ní mór liom a béith ag eisteacht leis.
22. Tiomtuigh sé aghaidh a chríos ar an duine bhocht
23. Tá an fear gortach orm. (ocras)
24. Níl Máire aici féin ó fuair a mathair bás.