Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 325
- XML “Beirt Fhear Dhall”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon nDomhnach amhain san t-samhradh bhí sagart ag leigeadh Aifrinn i dtoigh phobail i gCondae Thír Eoghain. Taobh amuigh de'n seipeal bhí beirt fhear dall agus buachaill óg ag paidrigheacht. Thúsaigh an bheirt fhear agcainnt fa airgead agus dúbhairt fear aca leis an fhear eile go rabh lón ar dóigh aige i bhfolach in a bhearadh oidhche. Bhí an óig-fear ag éisteacht leobhtha agus i mbomaite sgiob sé leis an bearadh oidhche ó'n tsean-fhear agus as go brathach leis abhaile.
Thúsaigh an bheirt fhear dall ag diopóireacht agus b'éigean do'n t-sagart an tóir a chur ortha. Bliadhain agus an t-am sin bhí feirm talaimh da dhíol i aice an t-Srathbán agus cheannuigh an buachaill seo e a ghoid an bearad oidhche ón t-sean-fhear. Chuir sé suas teach deas comhnuidhe annsin. Bhí iongantas ar gach duine caide mar fuair sé an tairgead mar bhí sé bocht go leor roimhe sin.
Aon lá amháin bhí an fear óg ag deanamh bealaigh úr suas go dtí 'na toighe comhnuidhe. Thainic sagart na paróisde thart an cosan sin agus dhearc sé ar an fheirm bhreagh talaimh agus ar an teach deas sglataí. Chí rabh a leithead eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire P. Ní hAelfeartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Knocknabollan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Cathal Ua Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loughaskerry, Co. Dhún na nGall