Scoil: Tearmonn (uimhir rolla 14194)
- Suíomh:
- An Tearmann, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Aodh Ó Duibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tearmonn
- XML Leathanach 363
- XML “An Láir Bhán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ag Caisleán Bhun Ghloir a thóg muid na scadánn,Is ag teacht aníar ag an Chladaigh mar' gabhtar na bradáín.Leig mé ar Gaothdobhair í 's char mhaith liom-sa é dheanamh;Is gur toigh Eoin Óig Ua Rabhartaigh gheobáinn feoirthín dí is fásach.
Teacht fríd Cloich cheann Fhaoilidh rinne mé mo sgíthiste ar na hÁrdaí, (?)Is chodhlugh mé an oidhche sin i gCaol-Droma ag Padraig.Ó sin 'un na Craosluigh, is ma bhí an dheor ag Máire,Fhliuch mise an croidhe is bhí an (t-aoineadh) ar an (náireadh).
Thug mise an scríob sin aníos ag Loch-is-Allt.Cé casad sa tsligh damh ac Doimnic Ua Marlaigh,Beaduigheacht na tíre sé bhí sé dá ráidhte;Ma's í sin an capall caoch leat ar m'fhírinne tá sí sáruighthe.
Breagach atá Brian agus Eoin Mac Cill Mharthach;Cá rabh sí ach i gcionn a trí bliain a mhill a' ghaoth na preataí.Ta fhios ag an tír air is tá fín-ise láthair,Gurbh é sean Eoin Ua Gaothain a dhíol, ar aonach a tSrath-Bán í.
Chá creidinn-se an Pápa no Árd easbuig na Condae,Go gcuirfeadh Eoin Mac Gill' Mharthach (?) lári bán udaí (?) liom-sa.Mar shiubhaileadh sí go laidir (árd mhallaí) umchar,Agus threabhfadh se talamh ban comh sasta le connaligh
(Árd mhallaí = lód ar dhruim beathadhaigh)- Bailitheoir
- Aodh Ó Duibhne
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)