Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aimsir MhaithDeir siad go mbíonn an ghrian i bhfad suas ins an spéir le linn aimsir maithe, agus indiaidh na h-oidhche bíonn an spéar deas glan agus gan duachadh ar bith inntí, go mbíonn an ghealach ag soillsuighadh go deas. Tuar ceatha le feiceal indiaidh na h-oidhche, agus ceo gealaigh uire, aimsir mhaith fosta, agus gaoth anoir go minic comhartha aimsir mhaith
Droch AimsirGaoth anoir andheas is mo a bheireann baisteach léithe. Bíonn an fhéar cúdailte le snáitheanna Dubhan Allaí. Bíonn suidhche ag tuitim anuas an simléir; fainne buidhe i bhfád ar siubhal o'n gealaigh sin comhartha fearthainn ag teacht cogarach. Bíonn na faoileoga ag fághail na léana ag tarraingt ar an fhairrge. Bíonn na cait na luighe fa'n gríosaigh, agus na madraí ag tamhain leobhtha indiaidh na h-oidhche, agus bíonn na realta ag leimint leobhtha san spéar.Fosglacha soir a dtuaidh, lán mara arda, cuma dhubh dhorcha ar an fhairrge, bíonn tarraingeacha móra san fhairrge fosta. Fágan na cuirr mhónadh an chladach agus tarraingheann siad ar na lochannaí; bíonn an Mhaol Ruadh ag caoineadh go truacanta. Bíónn na rontaí da dtiomaint isteach go béal na bport, an ghrian ag dul as amharc na gcrann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Cholla
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seisíoch, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Colla
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Seisíoch, Co. Dhún na nGall