Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ag dhul thart am amháín darbh ainm do "Jimmy Duffy" nó "Jimmy an Laddie" a bhí mar leas-ainm air. Bhí sé ag chur i gcéill do na daoine go rabh sé an-chneasta; bhíodh sé ag taisbeanadh na h-aingle ar an Chonair Mhuire agus bhíodh sé ag leigint air fhéin go bhfacaidh sé iad ag urnaighthe agus ag guidhe.Oidhche amháin bhí sé ag fanacht i dtoigh Franncie Bháin. Bhí cuid mhór buachaillí óga istoigh. Thoisigh "Jimmy" ag taisbeanadh na h-aingle do buachaill darbh ainm do Peadar Mór. Bhíodh Peadar i gcomhnuidhe ag piocaidh air "Jimmy" agus dubhairt sé le diabhluigheacht air, nach bhfacaidh sé na h-aingle ar chor ar bith nó nach rabh a léitheadh ann ar chor ar bith. "Glóire Dé agus na h-aingle," arsa "Jimmy" chá dtarraimhm arais 'un toighe seo níos mó, ní'l creideamh ar bith agaibh agus chá chreideann sibh i nDia nó i Muire." Níor léigh aon duine ortha fhéin gur cualaidh siad dadadh dar dhubhairt "Jimmy." Chuaidh sé a luighe. Comh luath agus fosgluigheadh an doras ar maidín an lá thar na bhárach dimthigh "Jimmy" agus níor phill sé arais ar theach Franncie Báin níos mó.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Tréasa Ní Fhrighil
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Seamús Ó Fríghil
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Gort na Trá, Co. Dhún na nGall