Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caiseal (2)
- XML Leathanach 441
- XML “Cruatan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann am amháin darb ainm do Seán ó Coille as Baile Thaobh Rusgaidh. Chuaidh sé amach go dtí an Charraic Dhubh le leagh a ghearradh. Thug sé leis dhá chomharsach mná a bhí dhul tharraingt dilisc. Chuir sé meadheán ins an churrach agus bhí an lán ag teacht isteach agus b'eigean do an dhá bhean a thabhairt leis ins an churrach fá'n a dtiocfadh an lán ortha ar an charraic. Nuair a bhí sé leath-bhealaigh istoigh ?? an currach agus d'iarr sé ar na mná breith ar na ramhaí le iad fhéin a shabhail. Dubhairt sé leo go rabh snámh maith aige san agus go gcuinneachadh seisean é fhéin ar uachtar go dtiocfadh tárrtháil air. Ach cé bith a tharla do finnceal sé agus baitheadh é. D'iarr beana aca ar achan taobh den churrach; chonnuigh siad iad fhéin suas mar sin ach go dtáinig beirt fhear fhad leo le currach agus sabhladh iad.
- Bailitheoir
- Cáitlín Ní Dhorrain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Sean Uí Feicheallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall