Scoil: Caiseal (2) (uimhir rolla 15393)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- TOBAR AN DÚINSeo tobar atá i n-aice le Chill Mhic Éanain agus fuar chuic mhór daoine leighiseannaí annsin. Téigheann daoine ann le léigheas a fhághail ar dhéideadh, piantaí cnámh agus gach séort galar agus tinnis.Am amháín bhí fear ann darb ainm dó Robaird. Fear siubhail a bhí ann. Bhí sé posta agus Máire an t-ainm a bhí ar a bhean. Bhí Robaird caoch ? agus bhíodh sé i gcomhnuidhe a cuairteadh Mháire agus i ag a thaobh. Bhí dúil aige i mbrún uisge beacach. Chuaidh sé go Tobar an Dúin ám amháin agus gheall sé dá léighiseadh é na n-oladh sé braon go bráth nios mó. Leighiseadh é ceart go leor. Bhí go maith agus ní rabh go h-olc go dtáinig sé fhad le Galoglach lá thar na bharrach."Racaidh muid isteach annseo agus glachaidh muid leath-fhar," ar seisean le Máire. Cuaidh siad isteach agus dól Robéirt an leath-fhear. Ach fágadh caoch arais é. Bhí bean ám amháín ag Tobar an Dúin. Bhí bean Ghallta na comhnuidhe sa bháile cheadhna agus bhí ithte le na lucógaí. D'iarr sí ar an(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Úna Nic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tIomaire Cam, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Gráinne Bean Mhic Ghiolla Cheara
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 49
- Gairm bheatha
- Oibrí tí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An tIomaire Cam, Co. Dhún na nGall