Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sin go cionn bliadhna gan an focal a labhairt.
Bhí Séimí amuigh Oidhche Sean-Shamhna aríst agus bhí’n sean-ghearrán ar téad san áit chéadna aige an oidhche seo. Mhothuigh sé an callán agus chualaidh sé duine de na h-uaisle a rádh leis an duine eile, “Séimí beag crupaighche, tá sé a’, brách a bheich linn anocht aríst”. Dubhairt duine aca annsin go m’b’fhiú a thuras do go mór abheith leó bliadhain as an oidhche sin, go raibh an cailín aige anois agus í n’-a balbhán. Chualaidh sé duine eile aca a rádh nach rabh fhios aige mórán nó dá n-amharcadh sé faoi na teangaidh agus an fheagh ghlas arcá ann a bhaint amach, annsin go mbeadh pluírc seacht cainnte aici. Nuair a chualaidh sé comhrádh na beirte seo chuaidh sé ‘na bhaile agus thug amach an fheagh ghlas as faoi teangadh na mná óige. Bhí sí ábalta labhairt I gceart annsin. Nuair a thoisigh a’cainnt bhí sí breágh pléisiúrdha áthasach. Sgríobh sí litir chuig(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnaill Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall