Scoil: Caiseal (2)
- Suíomh:
- An Caiseal, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Seán Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ndéanfadh sé cleas a chualaidh sé ó na atha mhór, a charbhata a bhaint de agus é a chuir uirthi-se agus go mbeadh sí leis ‘na bhaile. Rinne sé sin agus chuir sise uirthi an carabhata.
Nuair a tháinig siad fhad leis an pháirc in-a rabh an sean-ghearrán ag inghilt níor fhán Séimí leis an gearrán a thabhairt leis ach ar shuibhal leis fhéin agus an cailín a’ sgolladh air agus a’ rabh gur mhaith a d’éirigh a aistear leis. Nuair a bhuail sé ar dhoras a thighe fhéin d’éirigh an mháthair gur leig sí is-teach é. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus bhí iongantas mór uirthi fhán chailín deas a bhí leis. Bhí an cailín breágh sásta agus h-innseadh achan sheórt don mháthair. Chuaidh siad uilig a luighe.
Nuair a d’éirigh an cailín ar maidin an lae ‘n-a dhiadh sin ní rabh sí ábalta focal a labhairt. Rith sí mar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Domhnaill Mac Suibhne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Aodh Ó Siadhail
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- Baile Uí Fhuaruisce, Co. Dhún na nGall