Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)

Suíomh:
An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Mac Ailin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 450

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 450

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Árd Leathan
  2. XML Leathanach 450
  3. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seanscéal (ar lean)

    Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaideach agus Seán críonna.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    fear mór dubh nach mbéadh seisean annseo anois níos mó. Thug an fear dubh mála de airgid agus de ór do. Annsin d’imthigh Seón arais na bhaile. Chualaidh Seán an sgéal agus chuaidh sé go dtí an teach céadna. Tháinig an dá fhear dhéag isteach agus an comhnar leóbhtha. D’fág siad an comhnar ar an urlár agus léim an fear dubh amach as. Thoisigh an dá fhear déag dá bhualadh. Sgairt an fear dubh ar Sheán cuiduighadh leis. Bhí Seán ró chríonna. Char chuidigh Seán leis. Shuidhe sé ag coimhead ortha. Fuair an fear mór dubh an bhuaidh ortha agus chuir sé amach ar an doras iad.
    Thionntuigh sé ar Sheán annsin. A chladhaire arsa seisean sé do fhear-sa anois, agus thoisigh sé ar le bata, agus bhuail sé é gur thuit Seán bocht i laige. Ar maidin tháinig an maighistir fá na choinne. Fuair sé Seán leath mharbh in a luighe ar an urlar, is a chnámha uilig brúighte briste. h-Iomcharadh arais go teach a mhaighistir é, agus i gcionn seachtmhaine tugadh na bhaile é. Tháinig biseach ar go fadalach. Bhí sé na bhacach agus cá rabh sé ábalta lá maith oibre a dheánamh fhad agus bhí sé beó. Is minic a deireadh sé. Och tugadh Seán críonna ormsa agus Seón amaideach ar mó chomhursan amuigh annseo, ach is mise a bhí amaideach agus eisean a bhí críonna.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Gráinne Nic Ghloinn
    Inscne
    Baineann