School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 450
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí beirt gasúr ann am amháin Seón amaideach agus Seán críonna.”
(continued from previous page)fear mór dubh nach mbéadh seisean annseo anois níos mó. Thug an fear dubh mála de airgid agus de ór do. Annsin d’imthigh Seón arais na bhaile. Chualaidh Seán an sgéal agus chuaidh sé go dtí an teach céadna. Tháinig an dá fhear dhéag isteach agus an comhnar leóbhtha. D’fág siad an comhnar ar an urlár agus léim an fear dubh amach as. Thoisigh an dá fhear déag dá bhualadh. Sgairt an fear dubh ar Sheán cuiduighadh leis. Bhí Seán ró chríonna. Char chuidigh Seán leis. Shuidhe sé ag coimhead ortha. Fuair an fear mór dubh an bhuaidh ortha agus chuir sé amach ar an doras iad.
Thionntuigh sé ar Sheán annsin. A chladhaire arsa seisean sé do fhear-sa anois, agus thoisigh sé ar le bata, agus bhuail sé é gur thuit Seán bocht i laige. Ar maidin tháinig an maighistir fá na choinne. Fuair sé Seán leath mharbh in a luighe ar an urlar, is a chnámha uilig brúighte briste. h-Iomcharadh arais go teach a mhaighistir é, agus i gcionn seachtmhaine tugadh na bhaile é. Tháinig biseach ar go fadalach. Bhí sé na bhacach agus cá rabh sé ábalta lá maith oibre a dheánamh fhad agus bhí sé beó. Is minic a deireadh sé. Och tugadh Seán críonna ormsa agus Seón amaideach ar mó chomhursan amuigh annseo, ach is mise a bhí amaideach agus eisean a bhí críonna.- Collector
- Gráinne Nic Ghloinn
- Gender
- Female