Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Nuair a tháinig an tóir ar an Dálach d'iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Tuirc agus is é atá le teacht a chuidiughadh linne nuair a thiocfas cogadh na h-Éireann orainn. Éireóchaidh sé annsin agus bainfidh sé an bhuaidh. Ball Dhearg Ó Dhomhnaill.- Seanchas i dTaobh na h-Aimsire.Nuair a bhíos an cat na suidhe agus a dhruim leis an teine sin comhartha fearthainne. Nuair a bhíos an cat ag n-ighe aghaidh, má chuireann sé a chos thaire a chluais sin comhartha tuillte. Nuair a bhíos spéartaí breaca ann sin comhartha doineann. Nuair a bhíos cuid mhór réaltóg ins an spéir, agus iad ag soilseadh go geal sin comhartha siocann. Nuair a bhíos néaltaí dearga ann sin comhartha doineann. Nuair a bhíos cuid mhór mioltóg ann san t-Samhradh sin comhartha fearthainn. Nuair a bhíos an madadh ag ithe féir sin comhartha fearthanna.
- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann