Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 529
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal (ar lean)
“Bhí gasúr ann agus ní chuirfeadh dadaidh eagla air. Lá amháin chuaidh sé fhad le dall.”
(ar lean ón leathanach roimhe)dul corr an teach sin. Shiubhal siad leobhtha go dtáinig siad fhad le teach eile, an é seo an teach arsa an gasúr. Ní thiocfadh liom dul chóir an teach sin a oiread arsa an diabhal. Dubhairt siad sin an Phaidrín aréir agus tá teine thart ar an teach. Shiubhal siad leobhtha go dtáinig siad fhad le teach agus bhí fhear agus bean annsin agus iad ag troid. “An é seo an teach arsa an gasúr,” Seadh arsan diabhal. Tá mé ag dul isteach annseo ag coingbhil an bheirt ag troid go maidin. Slán agat anois arsa an diabhal. D’imthigh an gasúr leis go dtí an dall ar maidin.
D’fhiafruigh an dall do an bhfaca tú rud ar bith aréir. Dubhairt an gasúr nach bhfacaidh sé dadaidh ach an diabhal a tháinig ann agus gur iompar sé go dtí an teach sin thiar é. Dubhairt an dall leis má théigheann tú go dtí an caisleán sin thiar anocht gheobhaidh tú rud eigin a chuirfeas eagla ort. Maith go leor arsa an gasúr. D’imthigh sé leis go rabh sé ins an chaisleán. Chuir síos teine mhór agus shuidhe sé ann. Ag an dó dhéag tháinig fear mór anuas an t-simléar. Shuidhe sé ag an teine go maidin. Ar maidin chuaidh an gasúr go dtí an dall. An bhfacaidh tú dadaidh aréir. Dubhairt sé na bhfaca se dadaidh ach fear a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann