School: An Árd Leathan (roll number 7680)

Location:
An Ailt Leathan, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig Mac Ailin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 529

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1094, Page 529

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Árd Leathan
  2. XML Page 529
  3. XML “Seanscéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seanscéal (continued)

    Bhí gasúr ann agus ní chuirfeadh dadaidh eagla air. Lá amháin chuaidh sé fhad le dall.

    (continued from previous page)
    dul corr an teach sin. Shiubhal siad leobhtha go dtáinig siad fhad le teach eile, an é seo an teach arsa an gasúr. Ní thiocfadh liom dul chóir an teach sin a oiread arsa an diabhal. Dubhairt siad sin an Phaidrín aréir agus tá teine thart ar an teach. Shiubhal siad leobhtha go dtáinig siad fhad le teach agus bhí fhear agus bean annsin agus iad ag troid. “An é seo an teach arsa an gasúr,” Seadh arsan diabhal. Tá mé ag dul isteach annseo ag coingbhil an bheirt ag troid go maidin. Slán agat anois arsa an diabhal. D’imthigh an gasúr leis go dtí an dall ar maidin.
    D’fhiafruigh an dall do an bhfaca tú rud ar bith aréir. Dubhairt an gasúr nach bhfacaidh sé dadaidh ach an diabhal a tháinig ann agus gur iompar sé go dtí an teach sin thiar é. Dubhairt an dall leis má théigheann tú go dtí an caisleán sin thiar anocht gheobhaidh tú rud eigin a chuirfeas eagla ort. Maith go leor arsa an gasúr. D’imthigh sé leis go rabh sé ins an chaisleán. Chuir síos teine mhór agus shuidhe sé ann. Ag an dó dhéag tháinig fear mór anuas an t-simléar. Shuidhe sé ag an teine go maidin. Ar maidin chuaidh an gasúr go dtí an dall. An bhfacaidh tú dadaidh aréir. Dubhairt sé na bhfaca se dadaidh ach fear a
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Nic na Midhe
    Gender
    Female