Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 554](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1094%2FCBES_1094_554.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1094, Leathanach 554
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Árd Leathan
- XML Leathanach 554
- XML “Oíche Chinn Fhéile”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)léithe na oidhche Fhéil Bríghde. Ó an dóigh dhéag ó chlog san lá bhíodh daoine in a dtrosgadh. Ag dul ó sholas do bhéadh achan nduine in a theach fhéín, agus bhéadh an brúitín réidh agus im ann. Ach sul a mblasfadh siad greim den bhiadh chuirfeadh gach duine den teaghlach ball de chirteach i gcliabh. Chuirfidhe lán glaice de fheagaibh agus dlaidheog de chochain scaithte san chliabh in a gcuideachta, agus annsin d'fágfaidhe an cliabh agus a rabh ann taobh amuigh d'en doras druidhte. Nuair a bhiodh sin déanta shuidhfeadh bunadh an toighe un bidh ac sul a dtógfadh aon duine spanóg deireadh ceann-urraidh an toighe. "Bail na gcúig n-arán agus an iasg ar na gcúig mhíle do rann Dia, a rinn an roinn go dtarfaidh chugainn ar gcuid agus ar gcomhroinn." Nuair a bhéadh siad réidh le na suipéar bheárfadh ceann-urraidh an toighe altughadh do Dia ar son an bidh, "Míle glór moladh buidheachas agus altughadh Dhuit a Dhia ar son a dtearn tú agus a dtug tú dtúinn." I dtráthaibh am luighe do oidhche, rachadh duine d'en teaghlach amach go dtí'n áit a rabh an chliabh agus deirfeadh sé ós árd. "Gaibhighidh ar bhur nglúnaibh foscailigidh mhur súile agus leigigidh isteach Bríghidh."(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Caitlín Nic na Midhe
- Inscne
- Baineann