School: An Árd Leathan (roll number 7680)
- Location:
- An Ailt Leathan, Co. Donegal
- Teacher: Pádraig Mac Ailin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Árd Leathan
- XML Page 554
- XML “Oíche Chinn Fhéile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)léithe na oidhche Fhéil Bríghde. Ó an dóigh dhéag ó chlog san lá bhíodh daoine in a dtrosgadh. Ag dul ó sholas do bhéadh achan nduine in a theach fhéín, agus bhéadh an brúitín réidh agus im ann. Ach sul a mblasfadh siad greim den bhiadh chuirfeadh gach duine den teaghlach ball de chirteach i gcliabh. Chuirfidhe lán glaice de fheagaibh agus dlaidheog de chochain scaithte san chliabh in a gcuideachta, agus annsin d'fágfaidhe an cliabh agus a rabh ann taobh amuigh d'en doras druidhte. Nuair a bhiodh sin déanta shuidhfeadh bunadh an toighe un bidh ac sul a dtógfadh aon duine spanóg deireadh ceann-urraidh an toighe. "Bail na gcúig n-arán agus an iasg ar na gcúig mhíle do rann Dia, a rinn an roinn go dtarfaidh chugainn ar gcuid agus ar gcomhroinn." Nuair a bhéadh siad réidh le na suipéar bheárfadh ceann-urraidh an toighe altughadh do Dia ar son an bidh, "Míle glór moladh buidheachas agus altughadh Dhuit a Dhia ar son a dtearn tú agus a dtug tú dtúinn." I dtráthaibh am luighe do oidhche, rachadh duine d'en teaghlach amach go dtí'n áit a rabh an chliabh agus deirfeadh sé ós árd. "Gaibhighidh ar bhur nglúnaibh foscailigidh mhur súile agus leigigidh isteach Bríghidh."(continues on next page)
- Collector
- Caitlín Nic na Midhe
- Gender
- Female