Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 233
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis sgéal a innse a mairfeadh go deo go bhfuigheadh sé saighbhreas agus airgead acht da gcriochnuighadh an sgéal go mbainfadh an ceann do. D'imthigh an teachtaire agus an sgéaluidhe ag tarrainge ar an Domhain Thoir an lá thar na bharrach. Cuireadh fáilte mhór rompa nuair a shroich siad é. Ar maidin na dhiaidh sin thoisigh sé ar an scéal. Seo an scéal:-
"Am amháin rinne naomh tarraingearacht go rabh gorta ag teacht agus muna ndeantaí lón go mbéadh ocras agus ganntanas sa tír agus go gcáillfidhe bunadhas na ndaoine. Thoisigh acha nduine ag obair ansin agus chuir siad síos deich oiread barr agus chuir siad síos gach bliadhain elie. Nuair a tháinig an Fóghmhair buaileadh an t-arbhair agus cuireadh é isteach i sgiobail móra. Chuaidh sin ar aghaidh ar feadh deich mbliadhna agus ag deireadh an ama sin bhí míle sgiobail lán. Bhi na sgiobail si céad slat ar faid, céad slat ar leithead agus fiche slat ar áirde. Nuair a bhi siad uilig lán dhruideadh suas na dóirse agus na fuinneogaí agus ní thiocfadh le rud ar bith fághail isteach.
Nuair a bhí na rudaí sin uilig deanta tháing pláighe loisgeann san tir agus t'ith siad gach rud a bhi ag fás os cionn talaimh. D'fhág siad an tír in a fásach acht ni rabh siad abalta fághail(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Éagartaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Padraig Ua hEagartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall