Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 253
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thart agus tchí sé an lámh ag crathadh amach ó leabaidh an chuirp. Bhruigh sé an té a bhí ag na thaoibh agus chuaidh an bruighideadh thart o dhuine go duine agus ar an bhomaite stad an callan. Bhí siad uilig na suidhe ar an talamh ar bhárr amháin creatha agus iad ag amharc suas ar an taidhbhse. Ní rabh smid le cluinstean.
Ní fhuil fhios agam cé fhad a bhéadh siad mar sin ach go b'é gur chuir an suaimhneas eagla ar an mhnaoi a bhí taobh astoigh de na braithlíneacha agus amach a léim leithe i lár an urlair. Nuair a léim sí amach chuaidh cuid aca i laige agus thug an cuid eile léim ar an doras. Bhí fear amháin ann a bhí níos diongmhalta na an cuid eile a sheasuigh a chuid talaimh agus sgairt sé amach gurbh í Máire a bhí ann. Fuair siad uilig uchtach nuair a chonnaic siad cé bhí ann ach bhí siad leath ar mire cionnus gur bualadh a leithead de chleas ortha. Rug siad ar Mháire bhocht agus bhí siad ag gabhail a tarraingt as a chéile ach go b'é go dteachaidh muinntear an toighe in a leith cionnus gur chuir sí deireadh leis an challan.- Bailitheoir
- Anna Ní Gaoithin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Peadar Mac Gaoithin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Bruíonacha, Co. Dhún na nGall