Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)
- Suíomh:
- An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Peadar Mac Gaoithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Trian Caol
- XML Leathanach 256
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhí ann da n-amharcadh ceachtar de na h-óganna[igh/ibh?] óga ar speil. Bhí sí cunntaiste bheith na h-acra chontabhairteach an uair sin
Ó Rí! caidé mar d'athruigh an saoghal seo o shoin. Nach iad na sean daoine bhí sónntach nuair a tcídh sinn na gléasraidhe tá 'nois ann a's comh beag o shuim a chuirtear ionnta.
Bhí mo shúil fhéin i dtolamh ar na spealaibh da bhfághainn faill mhaide na sginne. 'S iomaidh brothlughadh chuir m'athair orm ach ní rabh garr ann Nuair a thigeadh am dinneara is annamh nach mbínn i n-innibh speal a sgiobann liom go mbaininn sraith buillidhe sal ma dtigthi orm. San deireadh thug m'athair fa dear go rabh mé fághail isteach ar an dóigh agus mhaoidhmh sé go bhféadfainn bhéith mo spealadóir go fóill. An Fhóghmhar amháin bhí mé fhéin mo ghéar diulach dhaingean a's ghlac mé uchtach chugam fhéin da bhfághainn speal go mbéinn in innibh an féar a bhainnt. Tháinig rudaí isteach mar d'fóir damh Ghlac fear de na spealadoraigh co nimhneach. Bhí sé gabhail mall san tséasúr a's thoisigh m'athair a' mairgnidhe nach bhfuighfidhe an sop féir i mbliadhna. "Ma gheibh tú speal damhsa," arsa mise, "bainfidh mise fóghmhar na bliadhna seo duit." Nach iomarcach i cainnt thú ar seisean. Tá sé mór chroidhtheach agatsa a shílstean go bhfuighthea thusa an rud nach bhfuair mise no(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Anna Ní Ghaoithin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bóthar Ghuí Íochtarach, Co. Chill Dara
- Faisnéiseoir
- Seán Ua Gaoithin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Mhín Mhór, Co. Dhún na nGall