Scoil: Trian Caol (uimhir rolla 10778)

Suíomh:
An Trian Caol, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Peadar Mac Gaoithín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 268

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1104, Leathanach 268

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Trian Caol
  2. XML Leathanach 268
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a bhí Brian Boirmhe ag gabhail 'na bhriste bhuail tart mór a chuid fear.

    Nuair a bhí Brian Boirmhe ag gabhail 'na bhriste bhuail tart mór a chuid fear. Shiubhail siad mílte agus mílte agus bhí teanga achan fhir chomh tirm le breac. San deireadh tháinig siad fhad le sruthan. Nuair a tháinig na fir ar amharc an sruthain rith siad chuig an uisge an méid bhí i na gcorp. Bunadhas na bhfear thóg siad an tuisge i na mbais. Bhí cuid aca agus bí an ghalfarsach chomh mór sin ortha gur luigh siad ar a mbéal agus ar a srón agus gur thoisigh siad ag ól as a mbéal mar ainmhidhthe an tsléibhe. Bhí Brian ag coimhead. Nuair a bhí a ndóthain ólta ag na fir chuir sé salamandar ar na fir a d'ól as a mbéa[l] a chul 'na bhaile arais nó go meathadh a n-uchtach ortha ins an chath.
    An té ólas as a béal fluicheann sé faoi.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge