Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bád, agus meireach sin bheadh muid ar fad báidhte. " Ní féidir liomsa an cheist a réidhteach, " adeir an rí, " Socruighidh eadraibh féin é." Bhíodar sgathamh maith ag argúinteacht le na chéile ach sa deireadh shocruigh siad an bhean óg a fhágáil chuig an bfoighléirí ó badh é an mac badh sine é. Bhí an rí sásta, ach 'na dhiaidh sin féin níor mhaith leis a inghean a thabhairt le phósadh dó, nó go bhfaghadh sé amach cé'r bhé athair an fhir óig, agus cé'n slighe bheatha a bhí aige, Níor innis siad dó go mba ghabha an-athair.
Chuir an rí teachtaire go Cill Cathail, le sgéal a thabhairt ar ais chuighe féin. Bhí an teachthaire ag imtheacht gur sroich sé Cill-Cathail agus teach an ghabhann. Bhí an gabha spíonta go maith an tam sin. Ní raibh sé i n-don faice a dhéanamh. Bhí an teach go suarach freisin: puill sa ndíon agus na préacháin a' dul isteach agus amach thríd. Ba shín é an sórt áithreach a bhí le feicéail ag teachtaire an ríogh, sean teach agus cuma an donais agus an anróigh air; na céadtha gabhar, adhreach , féasógach thart timcheall air, mar bhéadh gárda saighdiúr.
Chuaidh an teachtaire isteach sa' teach. Bhí an gabha roimhe agus é 'na shuidhe ar leic a teallaighe ag ithe a bhéilí -ceast fhataí. Bhí na fataí leagtha ar a ghlúine aige agus is le ionga a ordóige a bhí sé ag baint an chraicinn díobhtha. Nuair a bhí sé réidh chuimil sé a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oide Gaeilge (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe