Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lámha le sop tuighe agus nuair a bhí sé déanta, chaith sé an sop tuighe istigh sa teinidh. D'fhill teachtaire an ríogh ar ais le na thuairisg. " Cé'n tuairisg ata agat, " adeir an ríogh. "Tá ," adeir an teachtaire, " is aige atá an caisleán is iongantaidhe dá bhfacaidh mé ariamh. Tá sé déanta sa gcaoi go bhfuil cead ag éanlaith an aéir a bheith a dul isteach agus amach ann agus is iongantaidhe na sin an gárda atá timcheall an caisleán aige. Bhí sé ag ithe a bhéile nuair a chuaidh mé isteach sa teach aige agus an bord a raibh a bhéile leagtha air, ní thuibhradh sé ar ór na cruinne ar fad é, ná ní thiubhradh sé an sgian a bhí aige ar do ríoghacht agus an túáille a bhí aige ag glanadh a lámh tar éis a bhéile; chaith sé isteach sa teinidh é sa gcaoi is nach mbeadh air a lámh a ghlanadh leis an gceann céadhna an dara huair. Chuir an ríogh an dára teachtaire go Cill Cathail ach dá fheabhas dá raibh an sgéal ag an gcéad teachtaire b'fhearr ag an dara teachtaire é. Pósadh inghean an ríogh agus an foighléirí agus fuair sé leath an rioghacht.Thug sé talta dá dearbhráthaireacha agus chuaidh sé go Cill Cathail go dtug sé leis a athair freisin agus bhí sógh agus sócamhalacht aca ar fad ar feadh a saoghail.
- Faisnéiseoir
- Mairtín Ó Dubhagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 44
- Gairmeacha beatha
- Feirmeoir
- Oide Gaeilge (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Bán Mór, Co. na Gaillimhe