Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0330
- XML “Caoineadh Baile Mhionánn”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí baile ann fadó agus sé an t-ainm a bhí ar an baile ná Baile Mhionánn. Bhí naoi dteach ins an mbaile sin. Ní raibh aon bhó ag na naoi dteach. Dubhairt na fir annsin go gceannochadh síad bó eatorra. Chuaidh síad ar an aonach annsin fear as chuile theach agus cheannuigh síad bó acht ní bhéadh aon laogh aici go ceann míosa. Ní raibh mórán talmhan acú. Dubhairt síad annsin go gcuirfeadh síad an bhó ar fearadh go ceann míosa. D'imthigh leobhtha Dia Dómhnáigh fear as chuile teach go ndeachaidh síad ar an bhfeilm agus chuir síad an bhó ar fearadh. Dubhairt duine acú annsin go gcuirfeadh síad comhartha uirthi mar b'féidir nach n-aithneóchadh síad aríst í. Chuir síad gearra na chlúais an chluais ba ghiorra de'n bhaile. Tháinig síad abhaile annsin.
Bhí cnocán píosa amach ón bhaile. Dubhairt duine eile acú annsin "Is féarr dúinn(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conríogh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe