Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0025, Leathanach 0357
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0357
- XML “Ag Déanamh Brící”
- XML “Tuíodóireacht”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)[-]
- Fadó bhíodh chuile fear ag cur díon ar a theach féin. Nuair a bhéadh an Foghmhar bailighthe isteach acú bhuailfeadh síad stáca maith cruithneachta. Nuair a beadh an siol bainte as tairneóchadh siad an tuighe agus cuireadh siad le chéile go deas í. Cheanglóchadh siad suas annsin é in a phunnanaí. Nuair a bheadh sé go léir tarraingte acú thiocfadh an tuigheadóir. Geobhfad sé dréimire annsin agus shínfeadh sé suas leis an teach é.
Thosochadh se annsin ag binn an tighe. Tiubhradh sé stráca leis suas timceall troigh go leith i leithid. Annsin geobhfadh fear an tighe beart scolb agus biorochadh sé iad. Bhéadh a mhailléad fein ag an tuigheadoir. Nuair a bhéadh cupula slam leagtha aige chuirfeadh sé cupla scolb ann. Tomálfad sé sios na scoilb leis an mhailléad.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conríogh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 82
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe