Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ór i bhfolach.
San tsean-aimsir do bhí mórán daoine ag iarraigh Éire a bhaint ó na h-Éireannaigh. Bhí fhios aca go raibh mórán saibhreas ins na coláistí agus ins na teampla. Tháinig na lochlannaigh agus do rinneadar dún mór i dtaobh theas dé'n Conndae na Gaillimhe ar bruch na Sionnaine. Do bhíodar go láidir ann agus do rinne na Gaedheal mórán iarrachta ar na lochlannaigh a dhíbirt as an dtír.
Ní raibh aon mhaitheasa ann, ach do tháinig na Gaedheal go léir le chéile in arm mór agus bhí troid ann agus bhí an bhriseadh ar na lochlannaigh, Bhí iacall ortha imtheacht as an dtír ar fad. Do chuireadar ór agus airgead i bhfolach sa dtalamh. Do rinneadh mórán iarrachta ar an ór d'fhagáil tar áis ach ní raibh aon mhaitheasa ann. Déirtear go bhfuil mí-adh ar na daoinibh a mbíonn 'gá lorg.
Pádraig O Dubhghaill,
Fuair mé an scéal seo ó Éamonn O Dubhghaill,
Na Duganna,
Gaillimh.- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Éamonn O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe