Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- La amhain chuaidh cuigear fear amach ag iasgaireacht. Bhi siad i gCuan na Gaillimhe. Thainic long o tir eile agus thug na fir a bhi ins an long rud eicint don na cuigear fir.
Nuair a bhi na cuigear fir ag teacht isteach aris an maidin la ar na bhaireach, chuaidh an rud suas san aer agus bhris se an bad.
Bhi na fir i gcruadh-cas, mar ni raibh aon bad eile ag teacht. Bhi na fir ag snamh timcheall ag fanacht le cabhair.
Annsin thainic ceathrar amach on Cuan, acht bhi ceathrar baidhte sul a shrois siad na fir eile. Ni raibh acht ceann amhain fagtha annsin, agus togadh suas sa mbad e.
Cupla la in a dhiaidh sin bhi fear eile agus togadh suas le bad eile e, acht bhi se marbh. Ni raibh na fir eile togtha suas, mar ni raibh an bad indon iad a fhaghail. Stiophan O Maille an t-ainm a bhi ar an bhfear a raibh beo.- Bailitheoir
- Máirtín Mac Coiligh
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Pádhraic Ó Docartaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cladach, Co. na Gaillimhe