Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- San mblian 1896 no mar sin i Mhi na Shamhna do bhi storm trom ann ins an dtir seo. Bhios an-og an t-am sin ; bhi eagla mhor orm roimhe.
I dtosach an lae bhi "calm" ann agus bhi na heanlaith mara ag teacht isteach sa dtir. Bhi sgamaill dubh ag teacht anuas orainn agus bhi fhios ag na daoine go raibh stoirm ag teacht a bhi ag iasgaireacht.
D'eirigh se go h-obann agus bhi an fhairrge an-gharbh briste suas. Bhi na tonntracha mora ag leimnigh suas ins an speir agus bhi an ghaoth ag seideadh go laidir.
Bhi eagla mor ar na hiasgaireachta agus rinneadar ar aon phort chomh tapaidh is a feidir leo. Chuaidh moran mbad ar na carraigreachaibh agus bhi a lan shaoghal caillte. Do bhi dian na tighthe sa mbaile briste suas agus do rinneadh moran dioghbhail freisin.
Chuala me mo shean-athair ag innsint sgealta faoi Oidhche na Ghaoithe Moire 1839. Dubhairt se go raibh toirneach agus teinntreach go fluirseach agus bhi eagla i gcroidhe gach einne.
Do bhi baisteach trom agus tuilte ann agus rinneadh moran dioghbhail do na barrai agus na tighthe amuigh faoi'n dtuaith bhi cuid aca leagtha go talamh. Dubhairt go raibh beidhithigh agus daoine baidhte ins na tuilte.
Bhi sgeal ann go raibh tighthe ann ins an ait 'na bhfuil an pair anois ins an gCladaigh. Do leagadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Dubhghaill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Na Duganna Nua, Co. na Gaillimhe