Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tagann lucht siubhal chugainn ó am go h-am. Ní h-iad na daoine céadhna a thagann i gcomhnidhe acht stráinséirí an cuid is mó díobh. Ní bíonn fhios againn ar ainm gach duine aca, acht seo iad ainm ar bheirt: - Ó'Ceallaigh agus bean darbh ainm o'Glaoin. Tagann an céad duine ó Baile Locha Riach agus an duine eile í Dún Mhór.
Bíonn peann luaidh agus lasaí agus peanna aca abus bíonn na daoine 'ghá gceannach go minich mar is mór an "call" ortha. iompuigheann siad na hearraidhe sin i cásáibh agus bíonn a lán sin aca. Cásaí mhór ann agus bíonn siad sásta le'n a méid a ndíolann siad.
Ní bhíonn fáilte roimh cuid aca mar is mór an "pester" a bhíonn siad ann. Bíonn siad ann tamall maith agus ní thógann cuid aca "ní'l aon rud agam" mar freagra uait. Codluigheann siad in aon tighe 'na mbíonn an cead aca a stad ann, acht ní h-iarann ortha acht béagán airgid.
Géibheann siad bíadh ó na daoine anois agus aríst acht is fearr leó an airgead ná aon rud eile. Is maith leó uaireannta déirc a iarrann ar na daoine mar pinginn nó mar sin nach gceannóchadh aon rud in a hearailde uatha. Nuair a gheibheann siad déirc uait tosnuigheann siad mar seo: - "Go mbeannuighidh Dia thú" nó "go gcomáidfidh do(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann