Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)

Suíomh:
Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
P.S. Ó Neachtain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0101

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0101

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0101
  3. XML “Cluichí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    imirt liom mar a bheith cosamhail le rás le na sean-róthairí eile seo againn.
    Téigheann muid amach ag piocadh cnó agus smeara in Méadhón Fhóghmhair. Ní leigeann buachaillí breith ar éin i gcliabhán éan aon uair eile mar tá sé in-aghaidh an dhlighe. Tá mórán difrigheachta anois agus bhí fadó.
    Oidhcheanta nuair a bhíonn mé sa mbaile bíonn mé ag imirt cluichí le na dhaoine óga eile. Seo cuid díobh atá againn: - "Teach", "Dalla Mullóg", "Síopa", "A' chur i bhfolach" agus "busanna".
    Nuair a ghéibheann duine buadh san cluiche "Teach" deireann sé annsin, "Teach, teach, teach tá an bhuadh agam." San cluiche "Dalla Mullóg" deireann muid "a Dhalla Mullóg; fáigh greim orainn-sé". Annsin deireann said "céard atá agat indhiú le dhíol, a fhir an tsiopa", san gcluiche "Siopa". "Fáigh amach, fáigh amach, an rud atá ina bhfolach agam", a deirim-sé nuair a bíonn mé ag imirt "a' chur i bhfolach". 'Sé "busanna" an ceann a h-imrigheann muid go mór. "Cá bhfuil do chuid airgid" a deireann fear an bhuis chugainn ag imirt "busanna".
    Bíonn muid ag imirt "Iasgaireacht" in aice ár tighe go minic. Imrigheann muid "Dáthacha" is Cruinneóga".
    Tá orainn ag imirt "Iascaireacht" a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádhraig O Dubhghaill
    Inscne
    Fireann