Scoil: Naomh Nioclás, An Cladach (Buachaillí) (uimhir rolla 4501)
- Suíomh:
- Páirceanna an Bhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P.S. Ó Neachtain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo iad na sean-fhocail atá in - éolas agam:-"Ní h-é lá na gaoithe lá na scolbh"
"Is fearr an mhaith atá ná an dá mhaith a bhí."
"Mair, a chapaill, agus ghéobhfair féár.""An té atá suas óltar deoch air; an té atá síos buailtear cos air.""Ná chuir go dtí amarbhach a féidir dhéinimh indhiu."
"Nuair a bhíonn fian isteach; bíonn ciall amuigh.""Déantar rud maith do dhuine; agus déantar rud maith chuig féin.""Ní bhíonn sé ró-dheindheach chun a dhéanamh maith aríst.""Is é droch-ghaoth nach sheadainn duine ar bith maitheas."
Nuair a bhíonn duine marbh déirtear "Tá mé dubhagh-bhrónach mar gheall ar méid do throibloide."Nuair a bhíonn duine ag fághadh tighe déirtear "go mbéidh do bhóthar gearr romhat!"Nuair a phóstar déirtear leó "go mbéidh áthas go deó ort-sa."
Cuireann an tsean-fhocail in niúl dhúinn go bhfuil saibhreas cainnte ann i cainnt an dhuine a labhrann. Tugann sé comhairle do'n dhuine óg agus cuireann siad cialleacht in iúl freisin. Nuair a déintear gníomh maith déintear sean-fhochail ann chun ciall a chur i gceann dhuine ní bá mhóire.
Tá sean-fhocail mar seo:- "Seachainn fear an fhláiméas."
Seo sgéal chun a mhiniú air:- Bhí sionnach uair amháin agus chonnaic sé préachán ar thaobh chrainn agus bhí píosa cáise aige. Thosuigh an sionnach ag moladh an phréacháin agus thosuigh an t-éan ag amhránaidheacht. Fuair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraig O Dubhghaill
- Inscne
- Fireann