Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Leathanach 0039
- XML “Seoirse de Barra”
- XML “Díospóireacht na dTriúr mBan”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)marcuigheacht uirtí. Rith an capall in a cos-in airde nó go dtáinig sí go leacht Sheoirse. Nuair a tháinig sí go leacht Seoirse, chaith sí anuas an fear dí agus marbhuigheadh é. Tógadh leacht ós cion an áit ar marbhuigheadh Seoirse agus sin é an fáth gur tugad "Leacht Seoirse" ar an áit sin anois. Craoibhín de Búrca do bhí ar bhean Seoirse.
- Bhí trúir ban ann fadó, agus bhí siad ag dul ag an muileann. Chuaigh siad isteach go dtí an muileann in aonfheacht. Bean gabhann agus bean fígheadóra agus bean talamhaidhe a bhí sa trúir. Dubhairt bean an gabhann leis an muilneóir a mála féin a chur isteach agus a mheilt i dtosach. "ná bac leó - sin" adeir bean a fhíghadóra, "ach cuir isteach mo mala-sa, bhí mise annseo freisin comh luath le ceactar acu". "Bhel" adeir bean an talamhaidhe, "bhí mise annseo freisin agus tá sé comh cóir dom mo Mhála a chur isteach le ceactar agaibh" Dubhairt siad leis an muilneóir gur mná lucht céirde a bhí ionnta. "Bhel" adeir an muilneóir "Bhí an trúir agaibh isteach an doras in aonfheacht níl a fhios agam ce'n mála a cuirfeas mé iseach i dtosach acht an mbeadh sibh sásta(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bhailentín Ó Dúbhagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe