Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a bhí thar éis imtheacht as an teach. Dubhairt fear an tighe le ceann dá chuid marcuigh capall mear a thabhairt leis agus í a choingbháil ag rith nó go dtagad siad suas leis an bhfear, agus a rádh leis a theacht arís go tapaidh go (^) fear an tighe ag glaodh air. Tháinigh an fear bocht ar ais arís agus gan smaointiú aige ceárd a bhí le n-aghaidh. Nuair a chuaidh sé isteach sa doras, rug fear an tighe ar an mála a bhí ag an bhfear eile, d'fhosgail sé é agus fuair sé na sgeannaibh agus na spúnóga istigh ann. Chuir sé dlighe ar an bhfear agus sé an breitheamhnas a chuaidh air, ná é a chrogadh. Nuair a bhí sé ag dul dá chrochadh fuair sé cead labhairt. Dubhairt sé "nach maith a bhí a fhios an oidhche a rughadh mé gurbh é mo chrochadh a bhí le déanamh agus seo é an nóta agam fós," Sgaoi[l] sé an nóta síos ar an urlár, agus cé a bhead thíos faoi an nóta acht fear an tighe. "Is fíor sin," adeir fear an tighe, "agus sgaoiltear anuas é." Sgaoileadh anuas an fear arís agus chuaidh sé in éinfeacht le fear an tighe abhaile. Thug fear an tighe teach agus talamh dó, agus a inghean le pósadh. Chuir sé dlighe ar na cáilíní a bhí ag íarraidh éagcóir a dhéanamh ar an bhfear bocht, agus crochadh iad.
- Faisnéiseoir
- Bhailentín Ó Dubhagáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe