Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean na bhfáinní óir.Bhí beirt dreabháthair ann fado. Bhí duine aca an-bhocht agus bhí an duine eile an-saidhbhir. Bhí an dreabháthair bocht ag goid go leór caorach ón dreabháthair saidbhir, acht fuair an dreabháthair saidhbhir amach air é. Lá amháin cuaidh sé go dtí teach an dreabháthair bhoicht, agus thosuigh sé ag cainnt ar na caoraigh agus ag rádh go raibh siad ag imtheacht uaidh agus nach raibh a fhios aige ceard bhí dhá dtabhairt leis. Thosuigh an dreabháthair éile ag rádh nárbh é féin a bhí dhá dtabhairt leis agus gan an milleán a chur air. Thóig an dreabháthair saidhbhir páipéar chúig phunt aníos as a phóca agus thug dreabháthair eile é, agus dubhairt sé leis éirigh as chuid caoraigh féin níos mó agus a dhul go Gaillimh agus luach gchúig bpúnt de bheatha a thabhairt abhaile chuige fein agus a bhean agus chuig a chlann. Ghabh sé buidheacas leis agus d'imthigh leis go Gaillimh ar an bpoinnte. Ar a dhul go Gaillimh dó, sé an chéad áit a ndeacha sé na isteach i bpríosún. Bhí fear thuas ar an gcroich agus é go díreach ag dul dhá chrochadh nuair a labhair an dreabháthair bocht. D'fiafhruigh sé d'en chrochadóir cé mhéad airgid a bheadh ar an bhfear a(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Bhailentín O Dhubhagain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 66
- Seoladh
- An Móinteach Thuaidh, Co. na Gaillimhe