Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Níor cuala mé faoi an uair a deuntí an "Starch" astá. [Peadar Ó Móráin, Cathair Gabhann, Baile Cláir na Gaillimhe aois 65.]Cuirtear go leor fataí san ait seo. Réidhtigheann an feilméar an talamh i gcóir na bhfataí. Cuirtear aoileach agus leasú ar an talamh freisin. Cuirtear in iomairí íad ach is in ndrilleanna is mó a cuirtear na fataí ionnta.
Baineadh úsaid as ceachtaí adhmaid sa gceanntar seo fadó. Ach ní baintear usaid asta anois. Tá go leo cineál fataí san ait seo : -
Lerrs Pinks. Epicures, Champions. Arran Banners.
Geartear na sgiolláin le leathacha a dhéanamh dé'n fataí agus fuala ionnta. Tugann Na daoine congnam dhá chéile ag cur na bhfataí. Sgarthar na fataí tuairim leath-troig ó na chéile. Nuair a fásann na fataí cuireann siad gais glasa amach. Annsin cuireann na feilmeara cré leo agus leasú. Fagtar annsin iad ar feadh cúpla mí annsin sparyáil siad iad innas nach dtiocfadh an dubachán orra.
Baintear na fataí sa bFóghmar. Osgcultear na drilleanna le céachta. Pioctar iad asta annsin. Cuirtear isteach i bpuill(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Mairtín Mac Giollarnaith
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál O Maoldomhnaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 52
- Seoladh
- An Chreig Bhuí, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Peadar O Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe