Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- Suíomh:
- Baile Chláir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Mhic Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Chláir na Gaillimhe (C)
- XML Leathanach 0086
- XML “Scéalta”
- XML “Scéalta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)cártaí go dtí go raibh sé in a mheadhon oidhche.
Nuair a bhí sé ag teacht thar gheata na gceann ceard a bhí ag dul treasna an bhóthair roimhe acht cóiste in a raibh cómhra. Tháinigh cóiste eile na dhiaidh sin agus ceann eile. Chonnaic sé go raibh daoine istig ins gach cóiste. Nuair a bhí an coiste deire ag dul taris cuir fear a cheann amach agus bhlaoigh sé air agus "dubhairt sé leis an [!] misde leat marchuigeacht d'fhághail." Dubhairt sé nár misde leis agus isteach leis sa gcóiste. Níor stop siad ag rith go ndheachaidh siad go cnoc muidhe. Táinigh fáthach amach agus capall mór agus ceithre ruball air. - Bhí tobar ann fadó ar tugadh Umar Draoidheachta. Bhí ainmidhe aisteach ag teacht as. Lá amáin bhí fear ag siubhal thart ann. Tháinigh mada mór dubh uisce aníos as an tobhar in aice an tobar agus dhá chloigeann agus dhá ruball móra fada air. Dubhairt an fear leis an mada dul thart ag siubhal ar fud na dúthaighe. Chuaidh an mada leis, ach, nuair a bhí siad píosa amhach, dubhairt an fear leis an mada, Is féidir liom rud ar bith a dhéanamh leat.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Móráin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 65
- Seoladh
- Cathair Ghabhann, Co. na Gaillimhe