Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0288
- XML “Amadán an Bhréidín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)go bhfacadar ag dul isteach 'na leithéidí seo de theach é agus nach bhfacadar 'na dhiaidh sin é. D'innsigheadar dóibh freisin ná raibh insan teach seo ach sean bhean agus a mhac agus go raibh an mac 'na amadán. Chuadar comh fada leis an teach agus bhí an leath- amadán istigh rómpa. D'fhiafruigheadar dó an bhfaca sé an ceannuidhe ag dul timcheall na h-áite. Dubhairt sé go bhfaca. Bhí sé istigh anseo ar seisean. Cá ndeachaidh sé annsin ars siad-san. Mharbhuigh mise é ars an amadán agus chuir mé fhéin is mo mhamaí thíos sa bpoll móna é. A' Thaisbheanfá an áit dhúinn. D'eireochadh dhom ar seisean. Síos leobhtha ag an bpoll móna. Anois ar siadsan leis an amadán A' rachfá síos agus é thogáil anios againn. Rachad ars an t- amadán. Chraip sé suas é fhéin agus síos leis. Nuair a bhí sé scaitheamh beag ag tochailt agus ag rúpáil thíos. Cogair mé seo ar seisean, an raibh ceithre cos ag an gceannuidhe. Bhí ar (seisean) siadsan agus a raibh miogail air ar seisean. Bhí ar siadsan. Seo anois é ar seisean(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe