Scoil: Tamhain (uimhir rolla 15679)
- Suíomh:
- Tamhain, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: C. Bean Uí Thréinfhir
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tamhain
- XML Leathanach 0291
- XML “Seán Ó Slataire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sean Ó Slataire.Bhí fear scaitimh ó shoin, 'na chomnuidhe imbaile na móinteacha míle beag siar ó Bhaile a' Chláir. Seán Ó Slataire ab'ainm dó. Ní raibh Seán saidhbhir ach bhí sé bocht, boct gan stór. 'Sé an t-slighe máireachtála is mó a bhí aige leasú agus deasú bóthar mór. Bhí sé pósta, Máire a b'ainm do'n bhean. Bhí muirghín mhór páistí air, agus bhíodh buachaill aimsire aige ag obair in éindigh leis ar na bóithribh. Bhí dearbh-shúir dó sa teach freisin. Brigidh ní Slataire a b'ainm dí. igCeann Scaithimh mar is ionndamhail, phós a dearbh-shúir, Brigidh. Agus sé'n áit a fuair sise an fear thuas in Árd na Raithnigh. D'fhan sí suas in éindigh le n-a fear nuair a a [!] bhí sí pósta. D'oibrigh Seán leis é fhéin ar na bóithribh. 'Sé bóthar a bhíodar ag deasú ó sheipéal Bhaile 'A Chláir go Tobair na Caillighe in Uaránmór.
imBéal an Fhoghmhair a bhí ann idir an speal is an corrán agus 'sé an áit a raibh Seán agus an buachaill ag obair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Michéal Ó Fathaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tamhain, Co. na Gaillimhe