Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- XML Leathanach 0180
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)é an saidhbhris a bhí i gceist ag an t-athair. Tar éis é sin a fhágail amach dubhairt siad gur mór an saidbhris é déantuasaidheacht.
- Nuair a bhí an troid ann fadó idir na Clanna Neimhid agus na Fir Bholg fuair na Fir Bolg an bhuaidh agus deirtear gur fir iongantacha a bhí ionnta. Rómhar siad poll mór millteach sa talamh i gCnoc. Tuag mar trap do'n náimhid. Tá sé trí céad troigh síos agus tá sé comh leathan ar a bhárr is nach féidir le aon gasúr cloch a chaitheadh thairis. Tá sé ag caoladh de réir mar tá sé ag dul síos. Tá cuma cruinn air agus tá sé go díreach cosamhail le "boul". Tá carnán mór cloch in aice an phuill sin agus deirtear gur thug bean de na Fir Bolg in a h-aprún é o Cnoc Meadha agus i ag rith i ndiaidh an náimhid. D'éirigh sí tuirseach annsin agus leag sí síos iad ar Cnoc Tuagh agus tá siad ann(leanann ar an chéad leathanach eile)