Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)
- Suíomh:
- Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádhraic Ó hAnnracháin
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0516](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0040%2FCBES_0040_0516.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0516
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ina mbéadh an t-uisge rachadh sé thar sáile sul a mbéadh an bhliadhan thart agus dá leagfadh sé a lámh ar fó-chupán na créfóige gheobhadh sé bás go luath. Dá
leagfadh sé a lámh ar an fó-chupán ina mbéadh an paidrín bhéadh sé
ina sagart agus dá leagfadh sé a lámh ar an fó-chupán ina mbéadh an fáinne pósfar é sul a mbéadh an bhliadhan thart.
Lá Bealtaine. Baineann alán pisreóga le Lá Bealtaine. Deirtear nach bhfuil sé ceart aon teine a thabhairt amach an lá seo mar dá dtuibhradh éinne an teine amach
an lá seo ní lasfaidhe teine ina theach to dtí go mbéadh an bhliadhan thart. Níl sé ceart
rud a bith a thabhairt ar iasacht an lá seo. Déanann cuid de na daoine altóir agus fagann siad amach ós cionn an dorais é. Tugtar "Tor Bealtaine" (May Bush) ar na h-altóra seo.
Tá mná san páirt seo de'n tír agus sul a n-éirigheann an ghrian maidin
Lae Bealtaine téigheann siad amach agus nígheann siad a h-éadain san drúcht ionnus go mbéadh siad go h-áluinn dóigheamhail ar feadh a saoghail.
Ta mná eile agus sul a n-éirigheann an ghrian téigheann siad amach i
measc na ba agus deireann siad nuair a fheiceann siad bó "bainne an bhó sin in mo chuinneog". Bligheann mná eile na ba sul a n-éirigheann an ghrian ionnus go mbéadh go leór ime san bainne ar feadh na bliadhna.
Lá Fhéile Mártan. Tagann Lá Fhéile Mártan ar an 11adh lá de Mhí na
Samhna. Marbhuigheann bean-a tighe gé nó sicín agus(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ních Eathach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chinnéidí
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 77
- Seoladh
- An Bheitheach (Browne), Co. na Gaillimhe