School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)dó dul tré trí mhíle de theine a bhí thart timcheall ar theach an ríogh. Nuair tháinig Seán ag doras an ríogh, bhí gach a raibh ann amuigh ag déanamh iongantais de féin agus a 'phony'. Ní raibh fhios aca faoi thailte an domhain cé'n chaoi ar tháinig sé ann. Dubhairt an Scológ le Seán roimh imtheacht dó dá leagfadh an bhean a bhí uaidh a lámh ar an 'bpony' go mbeadh sí aige. Leag sé a lámh air, agus chuaidh sí ar chúlóg le Seán. Bhailigh leo. Táinig Seán abhaile leithe.
Nuair a d'fhág Seán ingean an ríogh ag an Scológ, tháinig inghean na Scolóige chomh fada le Seán. "Cuirfidh sé ag báis anois thú" ar sise leis. Thug sí slaitín draoidheachta dhó. "Gabh suas ag an bhfairrge anois agus buail trí bhuille leis an slat seo ar an uisce agus beidh soitheach agat ar an bpoinnte. Beidh mise suas it' dhiaidh" ar sise. Rinne Seán amhlaidh, agus bhí an soitheach aige ar an nóiméad. Tháinig sí fhéin, agus isteach leithe sa soitheach leis. Leanfaidh sé anois muid agus báithfidh sé muid, ach ní'l sé in ann mise a bháthadh mar is láidre an draoidheacht atá agam-sa ná aige. Tháinig an t-athair suas leo. Chaith sí [?] liathróid leis agus bháith sí(continues on next page)- Collector
- T. Ó Domhnallaín
- Gender
- Male
- Informant
- Pádhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Cinn Mhara, Co. na Gaillimhe