Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)
- Suíomh:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Northampton
- XML Leathanach 0112
- XML “Scéal”
- XML “Oíche na Gaoithe Móire 1839”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)amach an rud atá id 'intinn." Nuair a bhreathnuigh an sagart thart ní raibh an sonnach ann níos mó. Bhí fhios ag an sagart go raibh sé ag déanamh peacaidh a bheith ag smaoineadh ar a leithead sin.
- PÁDRAIG Ó CONGAOILE (Gort a Buidhe, Cinn Mhara) a thug an t-eolas seo dhom.
1) Oidhche na Gaoithe Móire bhí lánamhain tar-éis pósadh i dteach agus bhí inghean aca. Bhí máthair an chailín ann freisin. Bhí an teach ar crith agus bhí sgannradh ar an sean-bhean agus chuaidh sí amach, í fhéin agus an leanbh, le fhághailt i sean-chabhail. Shuidheadar fútha ar chloich agus tháinig sionnáin agus leag sé an balla ortha. Marbhuigheadh an leanbh agus ghoineadh an sean-bhean.
2) Bhí fear i gCinn Mhara ag ceannacht fataí, dárbh ainm dó Seóigheach. An lá roimh Oidhche na Gaoithe Móire tháinig long le h-aghaidh na bhfataí. Nuair a bhí an bad lán leis na fataí bhí sé 'na oidhche. Rinne na daoine dearmad an long a cheangailt. Tháinig an stoirm uathbhásach agus thiomáin sé an bád tré cairrigreacha agus stróiceadh go mór é.Í nDún Guaire bhí bó bhainne i na seasamh in aice le balla agus thuit sreang telegrafa uirri agus marbhuigheadh í. An lá tar-éis Oidhche na Gaoithe Móire bhí fear(leanann ar an chéad leathanach eile)