School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0113
- XML “Oíche na Gaoithe Móire 1839”
- XML “Taisce i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag treabhadh i bpáirc ó mhaidin go trathnóna agus bhí sé ag teintreach ar feadh an lae. Tháinig fear an bóthar agus dubhairt sé leis an bhfear
"ní ceart duit a bheith ag obair agus tú in aice cruaidh."
"Óch" arsan bhfear " ná creid lucht pisreóg".
An lá céadna marbhuigheadh é leis an teintreach.Bhí clann 'na gcomhnuidhe i gCrushoa agus bhí an oiread sin sgannradh ortha gurbh' éigean dóibh éirighe agus a dhul amach. Cheangal siad rópa treasna an tighe agus chuaidh siad i ngreim san rópa ar fhaitchíos go bhfuadóchadh an stoirm an teach.Bhí fear 'na chomhnuidhe leis fein in aice le Gort Inse Ghuaire. Í lár na h-oidhche tháinig fear isteach agus do mhúscail sé an fear eile. Chuaidh an bheirt aca amach agus ní túisge amuigh iad ná thuit an teach isteach. - Taisge i bhFolach.
Pádraig Ó Congaoile a thug an t-Eólas seo dhom.
1. Bhí fear 'na chomhnuidhe in aice le Droichead A' Chláirín agus bhí sé amuigh oidhche dheireannach amháin agus rug sé ar an ngréasaidhe leipreacháin agus d'iarr sé ar an leipreacháin cá raibh próca óir. "Ní leigfidh mé an rún le h-aoinne" arsan leipreacháin. Ar deireadh thiar thall b'éigean do'n leipreacháin innseacht cá raibh an próca óir. Lá ar na bhárach chuaidh an fear ag rómhar san ngarrdha. Nuair a bhí sé cúpla troigh síos sa gcréafóig fuair sé(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ó Congaoile
- Gender
- Male
- Address
- Gorta Buí, Co. na Gaillimhe