Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)annsin agus cuireann siad na fataí beaga i bpoll amháin agus na fataí móra i bpoll eile tar éis iad a phiocadh go haireach. Bíonn na puill seo déanta ag an bhfeilmeóir chéanna. Déanann sé poll a romhar agus an creafóg a caitheamh ar gachtaobh de. Caithtear na fataí isteach annseo agus ar dtús ‘sé na gas a cuirtear mar clúdach ortha, ach i gcionn tamaill baintear iad seo dóibh agus is tuighe a cuirtear ortha, agus taobh amuigh de sin cuirtear clúdach mhaith de chréafóig.
Ins an aimsear fadó dheineadh mná na háite seo stairs des na fataí. Ghéibhidís píosa stáin cruinn in-a mbíodh puill beaga agus scríobhfaidís na fataí ar seo go dtí go mbeidís in-a píosaí beaga. Annsin chuiridís na píosaí seo i gceirt agus bhrúghaidís an súgh amach. Dóirtidís braon beag uisge ar seo agus b’é sin an stairs.
Tugtar ‘‘Epicutes,’’ ‘‘Airan Victors,’’ ‘‘Kerr Pinks,’’ agus ‘‘Bhampions’’ ar na fataí a fhásanns sa gceantar seo. ‘Sé na ‘‘Kerr Pinks’’ is fearr a fhásas annseo. Fásann ‘‘Hibernians’’ go maith freisin.
Is minic a déantar arán de fataí san áit seo. Bruithtear na fataí ar dtús annsin cuirtear isteach i losad iad. Brúghann an bean-a-tighe iad le rollaer annsin go dtí go mbíonn sé in-a phúdar. Measctar é annsin le h-uisge, agus cuimiltear píosa íme isteach leis. Taréis é a fhuineadh go maith cuirtear an cáca in eidhean le bácadh. Ní chuirtear aon chlár ar an eidhean leis an gcáca seo a bhácáil.
San aimsear fadó deintí arán de fataí dubha agus bhíodh sé go blasta. Scríobhaidís na fataí ar rud a dtugtar ‘‘grater’’ agus measctar le plúr iad. Dheinidís na cácaí seo do bhácáil ar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Rálf
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe