Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ullamh dóibh agus nuair bhíodar ar tigh suidh isteach chuige tar éis altú roimh bidh a rádh dubhairt Guaire na féile go mba mhór an truagh é nach raibh na soghluistí go léir duine bocht ochrach. Ní raibh an focal ach as a bhéal nuair d’éirigh na miasa dé’n mbórd, agus amach leo tríd na fuinneóige agus iad ag eiteall san aer. Amach leis na sealgairí in-a ndiaidh. Chuadar ag marcuigheacht ar a gcapall agus amach leo ar fuid na tuaithe ag leanamhaint na mias go dtí gur shoicheadar Gleann an áit i na raibh Mhic Duaich agus a buachaill bocht ag clamhsán fáth nach raibh soghluistí deasa aca le n-ithe tar eis a bheirt ag troscadh i rith na Carghaoise.
Mar fhreagair do phaidir Mhic Duaich ar son an bhuachalla tháinig na miasa síos nuair a shroicheadar Gleann, agus d’ith an beirt a sáith. Níor fhéaduigh Guaire agus a chomráduidhe theacht chuca ám go raibh siad réidh mar greamuigheadh crúidhte na gcapall dho’n a carraigreacha. Ta rian na crúidte ortha fós agus tá rian na bplátaí ann freisin go dtí an lá indiú.
Nuair ó fhéad na capaill dul ar aghaidh arís isteach le rí Guaire chuig Colmán agus chuir sé cainnt air. Tríd an seanchais go léir fritheadh amach gur col-cheathair a bhí ionnta. D’iarr Guaire ar an naomh a theacht amach agus go dtabharfadh se talamh chun teampuill a bhunadh, dó. D’aontuigh an naomh leis agus thóg sé na teampuill ag áit in-aice le Gort Inse Guaire agus tugtar Cill-Mhic-Duaich go mbudh é sin an áit a mba mhaith le Dia na n-eaglaisí a thógáil ná seo:- Pé áit a dtuitfeadh crios Colmáin b’shin é suidhe cheart na n-eaglais.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Rálf
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe