Scoil: Cill Éinne (Killina) (uimhir rolla 12818)
- Suíomh:
- Cill Eithne Thoir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire C. Ní Ghríobhtha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bíongantach an phearsain é Colmán ó bhí sé in-a leanbh agus ba leir go mbeadh sé in-a fhear cráibhtheach nuair o’ fhásfadh sé suas. Tharla dhá mhiorbhailtí ag a bhaisteadh. Ar dtús ní raibh aon uisge le fághail chun an leinbhe a bhaisteadh, ach bhí bacach agus dall i láthair, agus rinne ceann aca cómhartha na Croise ar charraig a bhí ann agus ar an bpointe phreabh tobar íor-uisge suad agus baisteadh an leanbh ann.
Annsin nigh an bacach a chos le h-uisge an tobair bheannuighthe, agus nigh an dall a shúile leis agus fuair an beirt leigheas. Tá cuid mhaith tobar beannuighthe ar fuid na háite agus glaoidhtear le h-ainm an naoimh iad.
Tá paidir an naoimh ag na sean-daoine mar seo:- Deirid ‘‘Glóire do Dhia, do Phádraig, agus do Mhic Duaich.’’
Cuireadh Naomh Colmái san roilig ag Cill-Mhic-Duaich ar dtús, ach bliadhanta in-a dhiaidh sin nuair bhí cath Eachdruim le bualadh tóg na Gaedhil cnámha leo chuig pairc an áit chun an tádh a thabhairt dóibh. Tar eis an chatha seo d’ath cuireadh é in Eachdruim mar a bhfuil a luaithre ag feitheamh le lá Deiridh an Domhain.
Baistear leanbhaí d’ainm an naoimh sa cheantar fós, agus bíonn a lá Fhéile ina lá mór saoire i gCill-Mhic-Duaich agus ins na báiltí thart timcheall ar sin. Ní dhéanann na daoine aon obair an lá sin. Cáit Ní Rálf (15yrs.)
8-11-37 (Cill Éinne)- Bailitheoir
- Cáit Ní Rálf
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- Cathair Chonnaidh, Co. na Gaillimhe