Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is baile beag Gránna atá leath bhealaig idir Ardrachán agus Caisleán Uí Dhálaigh. Níl aoinne cinnte cén fáth ar tugadh Gránna ar an m-baile seo. Síleann siad gurab é an fáth mar bhí fathach ina chómnuidhe san áit fadó. Ta dhá chnoc i n-Gránna agus tugtar "Túagh Mór" ar an gceann atá i dtalamh muintir Fathaigh anois. Tá ceann eile i dtalamh muintir Dúbhlaigh agus tugtar " Túagh Beag" air. Tá ceanna aca ar taobh do láimhe dheise agus an ceann eile ar an dtaobh eile den bhóthar. Tá sé ráidhte gurab é an fathach a thóg an dá chnoc sin.Tugadh Gránna ar an mbaile roimh aimsir na Lochlánnach in Éirinn. Tá cnoc mór taobh shiar agus tá go leor cloch thart ann agus deirtear gur b'é sin an teach a bhí ag an bhfathach. Tá áit ar an gcloich agus tá scríobhta ar an gcloich "Giants Grave".Faoi bhun an chnuic atá i dtalamh muintir Fathaigh tháinig poll(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann