Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh (uimhir rolla 4509)
- Suíomh:
- An Corrbhaile, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Croithín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Caisleán Uí Dhálaigh
- XML Leathanach 0014
- XML “Naomh Colmán”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí go leór naomh sa gceanntar seo fadó, acht an ceann is mó a bhfuil eolas againn faoí, sin naomh Colmán Mac Duaigh. Rugadh é í bparáiste Cilltartain. Rioghnach d'arb ainm a mhathair. Síolraidh sí ó Dhathaí árd rí Éireann. Colmán, athair Gúaire a bhí mar rígh ar Chonnacht an tamh sin. Chualadh sé go mbeadh mac Ríoghnaigh go h-ionghantach agus go cáileamhail agus mar sin de bhí sé lé díoghmháil a dhéanamh da Ríoghnach agus dá mac. Theith sise acht leanadh í, ceangluigheadh cloch ar a muinéal agus caitheadh isteach í abhainn í gCilltartan í. Sábhaluigheadh go míorbhuilteach í agus rugadh a mac, d'fág sí an leanbh ar an dtalamh inaice crann tuinnseóga atá san áit. Ní raibh aoinne leis an leanbh a bhaisteadh, acht tharéis tamaill thánaic beirt mhanach duine aca bacach agus duine aca dall. Ní raibh uisge san áit acht díarr síád cabhar Dé agus thánaic an t-uisge suas san áit a bhfuil an tobar anois. Bhaist síad an leanbh agus nigh síad íad féin san uisge agus thánaic leigheas ortha. Coinnigh siad é gur d'fás sé suas. Nuair a raibh sé ina fhear thóg sé Cill Mhic Duaigh.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Peigí Nic Aodhagáin
- Inscne
- Baineann